Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
1914 – d’imigh a athair go Meiriceá agus chuaigh sé ag obair in mianach chopair in Butte Montana. Is iomaí timpiste a raibh cuimhne ag a athair air, bhí an áit iontach dainséarach agus chuaigh na mianraí ar stailc ar feadh 6 mí. Throid Jim Larkin as Baile Átha Cliath cás na bhfear. Chaith sé ceithre bliana ag obair sa mhianach sular phill sé na bhaile agus cheannaigh sé teach agus feirm beag in Éadan Fionn Fraoch ar shé chéad punta. Chuir sagart mallacht ar theaghlach crosta eile a bhí ann sular cheannaigh a athair é. Bhí siad ins na “Molly Maguires”. | 00:09:15 | |
Imirce go Meiriceá – bhí sin coitianta go leor i gceantar na nGleannta. Scéalta grinn faoi dhaoine a d’imigh nach móran léinn ná béarla acu. | 00:05:48 | |
D’imigh léir daoine ar imirce san am sin go Meiriceá, thosaigh rudaí a bhisiú sa bhaile, nuair a tháinig siad na bhaile, cheannaigh siad píosaí beaga talaimh ach bhí an talamh iontach daor i ndiaidh an chogaidh. | 00:01:23 | |